School: Rann na Feirsde (roll number 15927)
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 124
- XML “An Droch-Leasmháthair”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)gur stróc sí í. Chuir sé ceist uirthi caidé dhéanfadh sé annsin. Dubhairt sí go rabh trí chrois-bhealach thuas annsin agus d'iarr sí air suidhe ag an chead cheann. Nuair a thiocfadh carr an ríogh thart dubhairt sí go gcuirfeadh an rí ceist air caidé a sheol an bealach sin é agus eisean a rádh gur "seachran an tsaoghail".
D'imthigh an gasúr go dtí an crois-bhealach agus shuidh sé ar an chead cheann acu. Nuair a thainic carr an ríogh thart chuir an rí ceist air cá rabh sé ag gabhail ná caidé bhí sé a dhéanamh na shuidhe annsin. Dubhairt an gasúr gur "seachran an tsaoghail." D'iarr an rí air a ghabhail suas ar an charr ag na thaoibh. Chuaidh agus d'imthigh siad leo go dtí caisleán an ríogh. Ní rabh ag an rígh seo ach gasúr amháin. Bhí an gasúr a bhí leis ar an charr iongantach cosamhail le na ghasúr féin. Shíl an rí agus rith an ama gur a mhac fhéin a bhí leis go dtí go bhfacaidh sé a mach féin ag teacht ina airicís. Agus b'éigin dó gáire a dheanamh.
Bhí an bheirt ghasúr aige annsin ar fad. Thainic an t-am a rabh mac an ríogh ag gabháil a iarraidh ingean ríogh le pósadh, Bhí an bheirt ghasúr na mbuachaillí anois agus bhí siad comh cosamhail le chéile le dhá scadan. Ní rabh scaradh le déanadh ortha bhí siad comh mhaith sin do chéile.(continues on next page)- Informant
- Maighread Ní Ruaidrigh
- Gender
- Female
- Age
- 37
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal