School: Rann na Feirsde (roll number 15927)
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 125
- XML “An Droch-Leasmháthair”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Fá dheireadh d'imthigh siad uilig go teach an ríogh a iarraidh ingean an ríogh le pósadh. Nuair a chuaidh sé isteach bhí cúigear fear eile rompa ag iarraidh ingean an ríogh le pósadh. D'fhoscail an rí sé dóirse agus chuaidh fear acu amach ar achan ndoras. D'iarr an rí ar a ingin an fear a b'fhearr léithe a leanstan ach shuidh sí agus ní leanfadh sí fear ar bhith acu.
"Ó bó, bó," arsa an rí, "caidé thainic ort? cad chuige nach deachaidh tú amach indiaidh fir acu?
"Ní bhéidh sé le rádh ag fear ar bith acu gur lean mise é," ar sise, "ach cé bith fear acu is fear ag troid pósadh mise é?
Rinn siad amach a ghabhail a throid ar maidin lá thar na bhárach. An oidhche sin nuair a chuaidh siad a luighe, Ar maidin chuaidh an buachaill fhad leis an rígh agus dubhairt sé go muirbhfidhe a mhac sa troid an lá sin. Dubhairt an rí gur chuma leis na go mb'fhéidir gur sin an bás a bhí i ndán dó.
Dubhairt an buachaill gur mhór an truaighe é bás fhagháil. Dubhairt sé annsin go rabh a mhac-san agus é féin iongantach cosamhail le chéile agus go dtroidfeadh seisean ina áit. Dá mbainfeadh sé ingean an ríogh go dtabharfadh sé do na mhac í le pósadh. Dubhairt sé dá muirbhfidhe fhéin é nach mbéadh caill déanta. Thoiligh siad sin a dhéanadh(continues on next page)- Informant
- Maighread Ní Ruaidrigh
- Gender
- Female
- Age
- 37
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal