School: Rann na Feirsde (roll number 15927)
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)mná a thainic sé go bhfuigheadh sé sin i fáilte "Caidé mar bhéas sin", arsa na fir; tá mórán spré ag an fhear seo, tá cúig bhí déad, tarbh agus searrach cappail ar slaibh aige".
"Níl maith ar bith do dhuine ar bith eile caidé tá ar sliabh aige", arsa fear an toighe. "Níl bólacht ar bith agam-sa ach cupla b ins an bhoitheach le braon bainne fhagháil a ólfas muid leis an bhrachan agus bealthughadh ime le cur ar ár gcuid aráin. Ach tá neart annlann ins an tráigh ag bun na páirce againn agus tá neart leasa ag fás ins an chladach fá choinne ar gcuid preataí". "Ar an ádhbhar sin", ar seisean, níl bólacht ar bith a dhith orainn.
Thaitin an bhean leis an fhear óg agus ní imthiochadh sé gan í. Pósadh iad ar maidin an lá thar na bhárach agus chaith siad bainfheis mhór fhada.
Ba é an chiall a bhí ag fear Ghaoith Bearra go rabh sé féin iongantach deágh-chainnteach. D'éirigh sé ar maidin agus fuair sé a bhricfeasta. D'ith sé a sháith de na corra agus annsin tharraing sé amach a phíopa. Bhí an bhean ag déanamh obair an toighe. Shuidh an fear ins an choirneál agus rinn an bheirt acu an t-amhran seo a leanas:
(An fear)
Tobaca indiaidh bídh is ar bhean a' thoighe sin.
(An bhean)
Níl an stróinse a rachach 'un tslighe,(continues on next page)- Informant
- Niall Ó Domhnaill
- Gender
- Male
- Age
- 82
- Address
- Doire na Mainséar, Co. Donegal