Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mná a thainic sé go bhfuigheadh sé sin i fáilte "Caidé mar bhéas sin", arsa na fir; tá mórán spré ag an fhear seo, tá cúig bhí déad, tarbh agus searrach cappail ar slaibh aige".
"Níl maith ar bith do dhuine ar bith eile caidé tá ar sliabh aige", arsa fear an toighe. "Níl bólacht ar bith agam-sa ach cupla b ins an bhoitheach le braon bainne fhagháil a ólfas muid leis an bhrachan agus bealthughadh ime le cur ar ár gcuid aráin. Ach tá neart annlann ins an tráigh ag bun na páirce againn agus tá neart leasa ag fás ins an chladach fá choinne ar gcuid preataí". "Ar an ádhbhar sin", ar seisean, níl bólacht ar bith a dhith orainn.
Thaitin an bhean leis an fhear óg agus ní imthiochadh sé gan í. Pósadh iad ar maidin an lá thar na bhárach agus chaith siad bainfheis mhór fhada.
Ba é an chiall a bhí ag fear Ghaoith Bearra go rabh sé féin iongantach deágh-chainnteach. D'éirigh sé ar maidin agus fuair sé a bhricfeasta. D'ith sé a sháith de na corra agus annsin tharraing sé amach a phíopa. Bhí an bhean ag déanamh obair an toighe. Shuidh an fear ins an choirneál agus rinn an bheirt acu an t-amhran seo a leanas:
(An fear)
Tobaca indiaidh bídh is ar bhean a' thoighe sin.
(An bhean)
Níl an stróinse a rachach 'un tslighe,(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Niall Ó Domhnaill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 82
- Seoladh
- Doire na Mainséar, Co. Dhún na nGall