School: Rann na Feirsde (roll number 15927)
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 68
- XML “An Gabha agus an Gasúr”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)mbéadh fhios aici cé bhéadh ann.
Nuair a bhí an gasúr cupla bliain pósta fuair a bhean amach gur mac gabha as Éirinn a bhí ann. Thug sí deoch dó agus bhris a chraiceann amach agus chuir sí ar shiubhal ó'n chaisléan é. D'imthigh sé ag tarraingt ar ingin an ríogh a bhí ar an scoil ina chuideachta. Nuair a shroich sé an geafta bhí fear ag an gheafta agus ní leigfeadh sé isteach é. Chuir an gasúr ceist air an dtiocfadh leis ingean an ríogh a fheiceail agus dubhairt fear an geafta go dtiocfadh.
Chuaidh sé isteach na chaisleáin agus thainic ingean an ríogh amach. Nuair a thainic sí amach thug an gasúr an fáinne díthe agus dubhairt sé na focla léithe. Thug sí isteach é agus thug sí go leor le h-ithe dó agus ghuir sí a luighe é. Bhí féasta mór i gcaisleán an ríogh agus bhí cuid mhór daoine ann. Thug ingean an ríogh cuid mhór dochtúirí a amharc air ach ní rabh siad abalta biseach a dheanamh dó.
Lá amháin chuir ingean an ríogh ceist ar an ghasúr an rabh rud ar bith a dhéanfadh biseach dó agus dubhairt an gasúr go rabh rud amháin. Chuir ingean an ríogh ceist air caidé an rud sin. "Tá" ars' an gasúr. Fuil do mhac-sa le cuimilt orm agus dheánfaidh sin biseach domh". "Gheobhaidh tú sin" ars' an ingean an ríogh. Marbhadh an gasúr beag agus chuimil ingean an ríogh an fhuil ar an ghasúr agus thainic biseach air.
Nuair a bhí biseach air dubhairt ingean(continues on next page)- Informant
- Searlus Ó Dubhthaigh
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Anagaire, Co. Donegal