School: Rann na Feirsde (roll number 15927)
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 94
- XML “Iascaire na hÉireann”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)mhargadh a rinn sé leis an fhear eile go dtí go rabh an gasúr fá lá dhon dá bhliain déag. Dubhairt an bhean go gcuirfeadh sé an gasúr i bhfolach. Ach níor smaoitigh sí ar sin go rabh sí lá mall. Thug an t-athair leis amach é agus ní rabh siad i bhfad ar an fhairrge go dtáinic an fear chuige. Líon sé an bád do'n iascaire agus thug sé leis an gasúr.
Nuair a phill an t-iascaire ar an bhaile chuir an bhean ceist air cá rabh an gasúr. D'innis an t-áthair díthe go dtig sé do fhear eile é ar kán báid éisc. Nuair a chualaidh an bhean seo thug sí iarraidh bhuailte air agus dubhairt sí nach bhfuigheadh sé biadh na deoch sa teach go dtí go dtabharfadh sé an gasúr chuici.
D'imthigh an t-athair ar lorg an ghasúta le na churrach. Casadh an fear air agus d'fhiafruigh sé caidé mar bhí sé sásta do na mhargadh. Dubhairt an t-iascaire gur b'fhearr leis a mhac a fhagháil araist. "Bhal", ars' an fear,"tá sé féin agus an chloigeann déag eile gasúr agam-sa ag foghluim draoidheachta agus má piocann tú amach asta é ghiobhaidh tú é."
D'imthigh an bheirt leo go dtí an áit a rabh na gasraí. Bhí lúthghair mhór ar an iascaire nuair a thainic a athair go dtí an áit a rabh sé. "Anois", ars' an gasúr le na athair, dhéanfaidh an maighistir dhá colaman déag dúinn a caithfidh sé gráinín coirce chugainn. Buailfidh mise buille(continues on next page)- Informant
- Proinnsias Mac Pháidín
- Gender
- Male
- Age
- 41
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal