School: Rann na Feirsde (roll number 15927)
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 95
- XML “Iascaire na hÉireann”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)thall agus i bhfus ar na colamáin agus aithneochaidh tú mé."
Chaith an maighistir an coirce chuca agus rinn sé na colamáin de na gasraí. Thoisigh mac an iascaire a bhualadh buille thall agus i bhfus ar na colamáin. Phioc an t-iascaire amach a mhac féin. Dubhairt sé leis an iascaire go rabh fáisiún aige a bheith ag bualadh na bpaistí fá'n bhaile.
Annsin fuair sé a mhac agus d'imthigh siad leo ag taraingt ar an bhaile. Dubhairt an gasúr go rabh troid coileach in a leithéid seo a bhaile agus go ndéanfadh seisean coileach do féin agus go mbainfeadh sé an troid. D'imthigh siad ag an troid. Rinn an gasúr coileach de féin agus bhain sé an troid. Rinn an gasúr coileach de féin agus bhain sé an troid. Rinn an gasúr coileach de féin agus bhain sí an troid. Tháinic maighistir an ghasúra thart agus cheannaigh sé é ach níor leig an t-athair an rópa a bhí air leis. Fuair an t-athair míla punnta air agus ní rabh sé i bhfad na sheasamh go dtáinic an gasúr fhad leis.
D'imthigh an bheirt acu ag tarraingt ar an bhaile nuair a smaoitigh an gasúr ar rásaí capall a bhí ar an bhaile ba deise dóbhtha. Dubhairt seisean go ndéanfadh sé capall de féin agus go mbainfeadh sé an rása. D'imthigh siad ag na rásaí, rinn an gasúr capall de féin agus bhain sé an rása. Thainic an maighistir thart agus cheannuigh sé é ar mhíle punnta ach ní leigfeadh an t-athair an rópa leis. Ní rabh sé i bhfad ar an téad sin go dtainic an gasúr chuige.(continues on next page)- Informant
- Proinnsias Mac Pháidín
- Gender
- Male
- Age
- 41
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal