School: Rann na Feirsde (roll number 15927)

Location:
Rann na Feirste, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 96

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 96

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rann na Feirsde
  2. XML Page 96
  3. XML “Iascaire na hÉireann”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    D'imthigh an bheirt acu ag tarraingt ar an bhaile. Dubhairt an gasúr go rabh an chuideachta ba mó de'n iomlán ins an chead bhaile eilean lá ar na bhárach, go rabh rásaí madadh ann, go ndéanfadh seisean madadh de féin. Dubhairt sé go dtiocfadh an maighistir a rabh sé aige thart agus go gceannchadh sé é agus d'iarr sé ar an athair gan an slabhra a bhéadh aige a leigint ar shiubhal. Chuaidh siad chuig na rásaí, rinn an gasúr madadh de féin agus bhain sé an rása. Cheannuigh an mhaighistir an madadh. Bhí oiread lúthgháire ar an athair roimhe an airgead agus go dtearn sé dearmad do'n tslabhra.
    Cuireadh an gasú na phríosúin. Lá amháin chuaidh giorsach isteach le na bhricfeasta. Nuair a bhí a bhricfeasta déanta aige d'iarr sé uirthi lán an chupa de uisce a thabhairt isteach chuige as an abhain. Thug agus d'ól sé braon de'n uisce agus rinn se eascon de fhéin agus chuaidh isteach ins an chupa. Thainic eagla uirthi agus chaith sí an cupa isteach san abhainn. Nuair a thainic an maighistir na bhaile chuaidh sé fhad leis an phríosún ach ní rabh an gasúr istigh. D'fhiafruigh sé de'n chailín cá rabh an gasú. Dubhairt sise go dtearn sé eascon de féin agus go dteachaidh sé isteach san abhainn. Nuair a chualaidh an maighistir seo rinn sé fhéin agus na gasraí eile madaidh uisce díobhtha féin agus d'imthigh siad
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0325: The Magician and his Pupil
    Language
    Irish
    Informant
    Proinnsias Mac Pháidín
    Gender
    Male
    Age
    41
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Rann na Feirste, Co. Donegal