School: Cnoc an Stolaire (roll number 4740)
- Location:
- Cnoc an Stollaire, Co. Donegal
- Teacher: Seosamh Ó Gallchobhair
![The Schools’ Collection, Volume 1068, Page 051](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1068%2FCBES_1068_051.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 1068, Page 051
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cnoc an Stolaire
- XML Page 051
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Bhí fear 7 bean ann uair amháin a raibh triúr mac aca. Lá amháin d'iarr an t-athair ar an mhac aba shinne dul amach 'na coilleadh 7 crann a bhaint 7 é a thabhairt na bhaile.”
(continued from previous page)lón air.
"Maise bheirfidh agus míle fáilte", ar seisean agus thug dó léab do'n bhunóig agus cuid de'n fhíon agus do bharamhail nuair a thoisigh siad ag ithe bhí an fíon chomh milis le mil agus an t-arán chomh bog le builbhín úr. D'iarr an fear beag annsin ar an mac óg a dhul agus an crann a bhaint agus go bhfuigheadh sé gé óir faoi. Rinne sé seó. Fuair sé an gé agus dimthigh sé leis go teach a' Ríogh. Bhí triúr ingheach ag an Rí agus chuaidh bean aca amach a' tarraingt cupla cleite as an ghé óir, ach ghreamuigh a cuid méara do'n ghé. D'éirigh an rud ceadna do'n dá inghean eile. Chuaidh an mac óg amach annsin agus tharraing leis an gé agus an triúr ingheanach 'na dhiaidh. Thainig siad fhad le teach ríogh eile, nach raibh aige ach inghean amháin nach dearn gáire ariamh agus bhí sí geallta le pósadh do'n chéad fhear a bhaineadh gáire aisti. Nuair a chonnaic sí an mac óg agus an gé óir agus an triúr ingheanach greamuighthe do'n ghé, rinne sí reacht gáiridhe. Bhí cuma chomh h-aimeadach(continues on next page)- Informant
- Máire Ní Dhuibir
- Gender
- Female
- Age
- 74
- Occupation
- Bean feirmeora
- Address
- Gabhla, Co. Donegal