Scoil: Cnoc an Stolaire (uimhir rolla 4740)
- Suíomh:
- Cnoc an Stollaire, Co. Donegal
- Múinteoir: Seosamh Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cnoc an Stolaire
- XML Leathanach 064
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhí Éamonn A' Dúbhgain as Oilean Chruite ag dul a dh'áirneál oidhche amháin.”
(ar lean ón leathanach roimhe)go brách leó ag tarraingt ar Chonnacht Nuair a shroich siad Connachta chuaidh siad fhad le teach a raibh damhsa mór ag dul ar aghaidh ann. Chuaidh fear de na fir bheaga isteach 'un tuighe agus sgiob leis cailín deas óg. "Anois ar seisean, pillidh muid 'na Cruite arís. Chuaidh siad a mharcuigheacht ar na capallaibh agus as go brách leó.
Nuair a thainig siad fhad le Litir-Mac-A'-Bháird labhair Éamonn agus dubhairt sé, "nach bhfhuil an t-am agam-sa an cailín óg a thabhairt liom giota ar mo chapall-sa anois" Cuireadh an cailín óg suas ar a chúl agus dimthigh siad leó. Nuair a bhain siad an Chruit amach léim na fir bheaga do na gcuid capallaibh agus diarr siad ar an cailín óg a theacht leó. Le sin fhéin léim Éamonn do na chapall fhéin agus rinne fáinne thart ar fhéin agus an cailin óg. (Ní bhíonn ceád ag na fir bheaga dul taobh istigh de fháinne).
Tá'n fáinne a rinne Éamonn le feiceal go dtí an lá indhiú agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máire Ní g Cionnlaoí
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 68
- Seoladh
- An Bun Beag, Co. Donegal