School: Cnoc an Stolaire (roll number 4740)
- Location:
- Cnoc an Stollaire, Co. Donegal
- Teacher: Seosamh Ó Gallchobhair
![The Schools’ Collection, Volume 1068, Page 094](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1068%2FCBES_1068_094.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 1068, Page 094
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cnoc an Stolaire
- XML Page 094
- XML “Ainmneacha Áiteacha”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Cladach Na Croiche – Sin áit atá istuigh ar Oilean Ghabhla, an áit ar crochadh mac Maolmhuire.
Fado shoin bhí dún mór istuigh i dThoraigh agus ba ghnáthach le Maolmhuire cuid mhór gasúraí a ghoid isteach un oileáin. Ghoid sé mac Feidhlumidh Cham mar dhuine.
Oidhche amháin rinne Feidhlimidh amach go rachadh sé isteach agus go nghoidfeadh sé Mac Mhaolmhuire agus go dtabharfadh sé leis a mhac fhéin fosta. Nuair a bhí an saoghal na gcodhladh d'fhág sé Machaire Rabhartaigh agus currach leis ag tarraingt ar oileán Thoraigh Ghoid sé go faithcheallach isteach san Dún go bhfuair sé a mhac, agus annsin d'innis an mac do ca raibh mac Maolmhuire agus ghoid siad é. D'imthigh siad annsin ag tarraingt ar Cladach Na Croiche in Oilean Ghabhla. Nuair a bhain siad an t-oilean amach chuir Feidhlimidh Cam rópa ar an spice mór cloiche seó atá cróchta amach os cionn na fairrge agus chroch siad mac Maolmhuire annsin.(continues on next page)