Scoil: Cnoc an Stolaire (uimhir rolla 4740)

Suíomh:
Cnoc an Stollaire, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seosamh Ó Gallchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 094

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 094

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cnoc an Stolaire
  2. XML Leathanach 094
  3. XML “Ainmneacha Áiteacha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Cladach Na Croiche – Sin áit atá istuigh ar Oilean Ghabhla, an áit ar crochadh mac Maolmhuire.
    Fado shoin bhí dún mór istuigh i dThoraigh agus ba ghnáthach le Maolmhuire cuid mhór gasúraí a ghoid isteach un oileáin. Ghoid sé mac Feidhlumidh Cham mar dhuine.
    Oidhche amháin rinne Feidhlimidh amach go rachadh sé isteach agus go nghoidfeadh sé Mac Mhaolmhuire agus go dtabharfadh sé leis a mhac fhéin fosta. Nuair a bhí an saoghal na gcodhladh d'fhág sé Machaire Rabhartaigh agus currach leis ag tarraingt ar oileán Thoraigh Ghoid sé go faithcheallach isteach san Dún go bhfuair sé a mhac, agus annsin d'innis an mac do ca raibh mac Maolmhuire agus ghoid siad é. D'imthigh siad annsin ag tarraingt ar Cladach Na Croiche in Oilean Ghabhla. Nuair a bhain siad an t-oilean amach chuir Feidhlimidh Cam rópa ar an spice mór cloiche seó atá cróchta amach os cionn na fairrge agus chroch siad mac Maolmhuire annsin.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. seanchas áitiúil, dinnseanchas (~10,595)
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Cnoc an Stollaire, Co. Dhún na nGall