School: Luinneach (roll number 13958)

Location:
An Luinnigh, Co. Donegal
Teacher:
Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1068, Page 427

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1068, Page 427

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Luinneach
  2. XML Page 427
  3. XML “Scéal - Na Trí Fhathach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    ag fanacht leis an gasúr, tháinig sé aníos an bealach mór agus an t-eallach leis. Chuir sé isteach san bhoitheach iad agus tháinig isteach chun an toigh, thug an maighistir a sháith dó le h-ithe. Chuir ceist air goidé mar d'éirigh leis indiu. D'éirigh liom go maith,arsa an gasúr, ach níor innis sé gur mharbh sé an fathach.
    Tamall ina dhiaidh seo bhligh an maighistir an eallach agus bhí neart bainne aca. Dubhairt an maighistir leis an gasúr ná blighe fathach ar bith indiu iad. "Níor blighe", ars an gasúr.
    Ar an dó déag a chlog gach aon oidhche déanfaidh na fathaigh trí bhúire uathfásach a scartughadh achan duine. Ar maidin lá thar na bhárach, dubhairt an maighistir nár mhothuig sé ach dhá bhúire aréir agus go rabh rud éiginteacht cearr. Níor leig an gasúr a dhath air féin. Rinne sé a bhreicfeasta agus d'imthigh sé féin agus an eallach isteach san choillidh. Ní rabh sé a bhfad go bhfacaidh sé an fathach ag tarraingt air, léim sé i gcionn de na crainn agus bhí an claidheamh aige. Chonnaic an fathach ceann
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0300: The Dragon‑Slayer
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Dhuibhir
    Gender
    Female
    Address
    An Luinnigh, Co. Donegal
    Informant
    Éamonn Mac Giolla Easbuig
    Gender
    Male
    Age
    60
    Address
    Doirí Beaga, Co. Donegal