School: Gort an Choirce (roll number 11815)
- Location:
- Gort an Choirce, Co. Donegal
- Teacher: Séamus Mac Giolla Easbuic
![The Schools’ Collection, Volume 1069, Page 290](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1069%2FCBES_1069_290.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 1069, Page 290
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gort an Choirce
- XML Page 290
- XML “Oíche Shamhna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Oidhche i seo a mbíodh a lán grinn agus spóirt a gabhail agus tá go fóill nuair a thig sí thart. Oidhche mór cleasann í agus cleachtuighthear mórán gnása pisreógacha agus geasracha. Ta siad a'fhághail báis ins an cheanntar seo anois, acht bhíthear da gcleachtadh go coitcheann go dtí ar na moillibh. Bhí an t-am ann agus chuirfeadh na daoine mórán suime ins na cleasa seo agus bhi sé de chreideamhaint aca gur tuar fíor ar a gcineamhamh iad agus is minic a ghnití iad i n-ainm an deamhain a's an diabhail.
An tráthnóna sin bhíodh feile i ngach teach. Déanfaidh réidh tráth bhí nach mbíodh bunadh an toighe ro-chleachtuighthe leis. Indiaidh an tráth a chathamh gabhail o solus bheadh ubhlai agus cnónai annsin agus gheobhadh gach duine a chuid féin. Annsin thoisigheadh na(continues on next page)