School: Mín Doire (roll number 16151)
- Location:
- Mín Doire, Co. Donegal
- Teacher: Seán Ó Gallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín Doire
- XML Page 431
- XML “Leigheasanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Leighiseanna:-
An Triuth:- Fáightear arán ó lanamhan a bhí den tsloine amháin sul ar pósadh iad agus bheirtear é le h-ithe don té atá an triuth air.Léigheas Sleamhnán:- Gheobhtar dealg ó chrann spíonóg agus cuimlightear é trí huaire den t-sleamhnán agus a rádh le na linn sin:- In ainm an Athair agus an Mhic agus an Spiorad Naomh Amen. Agus nuair a bhíos sin deánta an dealg a chaitheamh thar dó ghualaín dheas.Léigheas Déididh:- Ag seapal Rága tá cros mhór ann agus dfhág Colum Cille annsin nuair a bhí sé ag dul isteach go Oileann Thóraigh. Tá an chros seo ceithre troighthe deág ar fhád, Tá scoilt mhór innti agus tá an lag seo lán creafóige. Cuirtear an chreafóg isteach ins an pholl atá san fhiacail agus imthigheann an phian. Ní thig le albanach ar bith an chreafóg seo a thógailt amach as an scoilt atá sa chros.(continues on next page)- Collector
- Séamus Ó Brógáin
- Gender
- Male
- Address
- Mín Doire, Co. Donegal
- Informant
- Domhnall Ó Brógáin
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Mín Doire, Co. Donegal