School: Baile na Bó (roll number 2260)
- Location:
- Baile na Bó, Co. Donegal
- Teacher: Ailbhe Ó Conáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An Fear agus an Mac a bhí ina GhaduidheBhí fear ann aon uair amháin agus bhí sé ag obair 'san bhaile mhór. Rachfadh a mhac 'acha'n lá leis an dinnéar chuige. Achan lá a rachfadh sé bhí rud inteacht 'un an bhaile leis, gaibhlóg lá, sgian lá eile agus spáin lá eile. Sa deireadh dubhairt an fear go gcaithfeadh sé an gasúr a chur ar shiubhal go bhfoghlamochadh sé an dóigh a bhéadh sé i na ghaduidhe. Tháinic beirt gaduide oidhche amháin fá na choinne. Chuaidh an gasúr leo.Shiubhal an triúr leo go dtáinic siad fhad le teach. D'iarr siad ar an gasúr a ghabhail isteach agus dubhairt an gasúr nach rabh sé ábalta sin a deanamh. Annsin chuir siad rópa thart ar an gasúr agus chuaidh siad suas ar an toigh agus chuir siad an gasúr síos an simleár, agus chruinnigh sé an méid airgid a thiochfadh leis a fheiceal. D'iarr an bheirt a bhí thuas air an t-airgead a chur isteach i mala, an mala a cheangail ar an rópa agus é a chur suas chuca. Annsin nuair a bhí an t-airgead thuas go gcuirfeadh siad síos(continues on next page)
- Collector
- Eilís Nic Pháidín
- Gender
- Female
- Address
- Doire Uí Fhríl, Co. Donegal
- Informant
- Micheál Mac Pháidín
- Gender
- Male
- Age
- 52
- Address
- Doire Uí Fhríl, Co. Donegal