School: Baile na Bó (roll number 2260)
- Location:
- Baile na Bó, Co. Donegal
- Teacher: Ailbhe Ó Conáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile na Bó
- XML Page 264
- XML “Duine Cáilmhear”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)AR LEANAMHAINT
a bhí comhgarach. Bhí ceann de na sgoltachaibh sin fá Ráithche. Scoláire clisde do bhí ins an fhear óg. agus is minic a chuaidh sé fríd na tighthe ag éisteacht leis na daoine fásta nuair a bhéadh siad ag céilidheacht, ag éisteacht leo ag innse sgéaltach. Chuir sé spéis mhór ins na sgéalta seo agus bhi sé féin ag innse a chuid sgéaltach féin. I n-aois a chúig bliadhna déag, cuireadh ar ais go Domhnach Diaigh é, an áit a b'as a athair, agus chaith sé seal bliadhantach annsin ag fóghluim ceirde an siopadóireachta i siopa (?) carraidhe. Níor thaitin an obair seo leis: bhí sé barraidheacht faoi stiuradh agus faoi ghlas: ní rabh a dhóigh féin aige, agus bhí barraidheacht riaghal aige le coimhéadh. B'fhearr leis a bheith amuigh faoi aer na spéire, ag éisteacht leis na h-éanachaibh ag ceól, agus badh é meas a chroidhe a bheith ar ais ar an Fhálcarrach an áit a rabh a comrádaidhe a óige, agus an áit ar chualadh sé na sgéalta breaghtha gaedhealach ag a' innse ag lucht na mbailteach thart.Nuair a bhí sé i n-a fhear - timcheall fiche bliadhain - chuaidh sé go d-dtí na Státaí Aontuighthe. Lean an spiorad gaedhealach annsin é: fuair sé isteach ins an chumann - Éire Óg - agus ní rabh sé i bhfad(continues on next page)- Collector
- Ailbhe Ó Conáin
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Máighréad Ingean Benéid
- Gender
- Female
- Age
- 60
- Address
- An Cheathrú Cheanainn, Co. Donegal
- Informant
- Niall Ó Dubhgáin
- Gender
- Male
- Age
- 82
- Address
- Baile an Easa, Co. Donegal