School: Baile na Bó (roll number 2260)

Location:
Baile na Bó, Co. Donegal
Teacher:
Ailbhe Ó Conáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1073, Page 278

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1073, Page 278

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile na Bó
  2. XML Page 278
  3. XML “Cogadh na Talún i gCloich Chionnaola - Teach Phádraic Uí Chuireáin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    sin fearg ar an tighearna a bhí orra féin, agus b'fhéidir go gcuirfeadh sé iadsan iadféin amach. Bhí na bóthóga deanta de ádhmud, agus bhí an balla a rabh an teine ann deanta de chlochaibh agus d'aol.
    Ceithre bliadhna a bhí na tionóntaidhe amuigh ó thús go deireadh sul ar leigeadh isteach ar ais iad in a gcuid gabaltais. 'Sé an socrú a rinneadh i ndeireadh báire: bhí ag na tionóntaidhe dhá chíos bliadhna agus leath costas an dlighe, agus gealltanas (an I.O.U.) ar shon chíosa an triomhadh bliadhna. Níor iarraidh orra ariamh aon pigheann de'n gealltanas sin a dhíol i.e. dadaidh de'n I.O.U. luaidhte thuas. Níor dhíoladh ariamh é.
    'Sé an teacht isteach a bhí ag na tionóntaidhe nuair a cuireadh amach iad ná trí phunta (3£) gach mí ó airgead an Chumainn Gaedhealach (Irish Party Funds); de réir an méid a bhí ins an teaghlach bhí an t-airgead níos mó nó níos lugha. Bhí an t-airgead seo le h-aghaidh an mhuintir a bhí amuigh as a gcuid toighteach a chothughadh.
    Ní leigfidhe aon fhear ar bith a chomhair an tighearna ar eagla go ndeanfadh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. land management (~4,110)
    Language
    Irish
    Collector
    Ailbhe Ó Conáin
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Informant
    Mághnus Mac Pháidín
    Gender
    Male
    Age
    67
    Address
    Baile Chonaill, Co. Donegal