School: Baile na Bó (roll number 2260)
- Location:
- Baile na Bó, Co. Donegal
- Teacher: Ailbhe Ó Conáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tuilleadh fá'n CogahdhMac Niocaill(Nixon)Timcheall cúig bliadhna agus fiche nó mar sin, sul ar cuireadh na daoine amach as a g-cuid toightheach i mbaile Uí Chonaill agus i nDruim na Teineadh leis an Olfartach, bhí tighearna talmhan i mBaile na Bó, shuas i n-áit a bheirtear Páirc an Fhraoich air. Bhí na Tionóntaidhe a bhí faoi ag eirighe mí-sh asda leis, agus rinne siad amach go n-deanfadh siad ar shiubhal leis. Domhnach amháin bhí sé ag dul siar ó n-a chaisleán go d-tí an teampall Gallda thiar fá Ráithche. Bhí carbad aige, agus bhí a bhean agus a ingean i n-éinfheacht leis ins an charbad. Bhí an tiománaidhe thuas ar an 'dicky' ag tiomáint na m-beathadhach. Bhí triúr fear ag fanacht leis. Bhí éadach mná ar gach fear dóibh. Chuir siad ceirteach na m-ban orra thuas i sgioboól Mhághnuis Mhic Pháidín, fá Bhaile na Bó. Bhí an seirbhís le bheith ins an Teampall Gallda fá Raithche ar an dó-dhéag a chlog. Ba ghnáthach leis a dhul ann go minic - comhair a bheith gach eon Domhnach.
Bhí muileann lín ar thaobh an bhealaigh mhóir agus is ann a d'fhan an triúr fear a bhí ag(continues on next page)- Collector
- Ailbhe Ó Conáin
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Mághnus Mac Pháidín
- Gender
- Male
- Age
- 67
- Address
- Baile Chonaill, Co. Donegal