School: Baile na Bó (roll number 2260)
- Location:
- Baile na Bó, Co. Donegal
- Teacher: Ailbhe Ó Conáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile na Bó
- XML Page 287
- XML “Bia sa tSean-Am”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Biadh sa tsean-am.
Rachadh fear amach ag obair ar a chéalanna i d-tráthaibh an sé a chlog. Caithfeadh sé oibriú leis annsin go d-tí an h-ocht a chlog agus b'fhéidir i n-amannaibh go d-tí an naoi a chlog. Is minic a bhéadh aige le dhul go d-tí an phortach le h-aghaidh lód mónach agus ar ais sul a bhfuighfeadh sé greim le h-ithe. Bhéadh aige le bheith ag spealadóireacht, ag buan nó ag baint préataí nó ag romhar an fad ceadna.
Sé an biadh a bhí aca ar maidin brachán. Brachán Mine buidhe a ba fhairsinge. Uisce agus siuchra a bhí aca i n-áit bainne le h-ól leis an bhrachán. I n-amannaibh bhéadh préataí aca. Préataí, salann garbh agus piobar a bhíodh aca. Dheanfaidhe an salann garbh a leaghadh le uisce te. Is annamh a gheobhfadh duine arán de chineál ar bith. Bhí arán mine coirce le fághail acht ní rabh sé fairsing. Ní fheicfeá im acht corr-uair sa bhliadhain. Ní rabh feoil búistéára ar bith. A bhfad ó chéile é b'fhéidir go mbeadh cearc bhruithte agus súgh ann. ( ag Bainfheis b'fhéidir).
Fá choinne an dinneára bheadh brachán ar ais.(continues on next page)- Collector
- Ailbhe Ó Conáin
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Mághnus Mac Pháidín
- Gender
- Male
- Age
- 67
- Address
- Baile Chonaill, Co. Donegal