School: Doire Chasáin (roll number 15239)
- Location:
- Doire Chasáin, Co. Donegal
- Teachers: Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire Chasáin
- XML Page 201
- XML “Pósaithe”
- XML “Leigheasanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)do fuair an sgéal seo ó,
Shéan Mac Pháidín,
Dumhaigh
Na Dúnaibh
Tá an fear seo 67 bliadhain d'aois.
Fuair sé an sgéal 53 bliadhain ó shoin. - Leigheasanna
Galair Leigheasanna
Deideadh Ba ghnathach leis na sean daoine fróg a chur isteach ins an bhéal agus trí scréad a bháint as agus annsin bhéadh biseach ar an duine sin,
Triuch Nuair do bhíodh a triuch ar daoine roimhe seo chuireadh na daoine an leanbh faoi bholg asáil agus annsin béadh biseach ar an leanbh. Fosta bhearfadh na sean daoine báinne asaille dó'n pháiste.
Galair croidhe. Ba é an léigheas do bhí ag na sean daoiní fa choinne seo an duine a thomhais thart fán chorp
Flú. Deoch mhaith de uisge bheatha a ól ag gábhail a luighe ins an oidhche duit.
Pianta Sé an léigheas a bhí ag na sean daoine fa choinne pianta na:- ola feamainghe a chuimilt ar an áit na rabh na pianta.
Bruitíneach Sugh neanntoighe a ól.
Galair leicne. Duine adhastar a chur ort agus tú a thabhairt go tobair agus trí dheoch a ól as.
Fiabhras. Deoch maith de uisge agus bainne a ól.
Créacha Nuair do bhíodh an chreachta ar duine i bhfad ó(continues on next page)- Collector
- Nóra Ní Ghallchobhair
- Gender
- Female
- Address
- Na Dúnaibh, Co. Donegal
- Informant
- Pádraig Ó Gallchobhair
- Gender
- Male
- Age
- 68
- Address
- Na Dúnaibh, Co. Donegal