Scoil: Doire Chasáin (uimhir rolla 15239)

Suíomh:
Doire Chasáin, Co. Donegal
Múinteoirí:
Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1078, Leathanach 301

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1078, Leathanach 301

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doire Chasáin
  2. XML Leathanach 301
  3. XML “An Chuinneog”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. An chuinneog.
    Tá an chuinneog déanta de adhmad agus tá sí fá thuairm slat agus dhá throighte in áirde agus troigh ar leithead. Tá tóin na cúinneoige tuairm an trí ceathramhadh cuid de slaite ar leithead agus tá béal na cuinneóige tuairm slat ar leithead. Tá clár ar an bhéal agus tá poll ann fá choinne an lonthaidhe a chur aníos agus síos. Tá an lonthaidhe déanta de adhmhad posta. Nuair a bhíonn go leór bainne ag bean an toighe fá choinne maistriugadh a bhuaileadh cuireann sí é isteach ins an chuinneog, agus buaileann sí féin an bainne an cead uair, agus annsin nuair a bhíonn sí tuirseach, buaileann fear an toighe é go mbíonn im ar an bainne. Nuair a bhíonn an t-im ar an bhainne stadann fear an toighe, agus togann an bhean an t-im de’n bhlathach le spád beag fá coinne im agus cuireann sí an t-im isteach i dtobán bheag ghlan a mbíonn an t-im ann igcomhnuidhe agus fágann sí an tobán in áit fhuar. Nuair a bhíonn seo uilig déanta aicí, ghnidheann sí suas an t-im i na phunntaí agus i na leath phunntaí agus díolann sí an chuid is mó de’n im seo ins na siopaí
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
          1. butter and churns (~3,280)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Méadhbha Nic Pháidín
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Na Dúnaibh, Co. Donegal