Scoil: Doire Chasáin (uimhir rolla 15239)
- Suíomh:
- Doire Chasáin, Co. Donegal
- Múinteoirí: Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Chasáin
- XML Leathanach 230
- XML “Ainmhithe Allta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ainmidhte Allta.
Giarrfhiadh, An asal, an coinín, an broc, an mactíre, agus an easóg. Bíonn na madaidh ruaidhe beó faoi na carraigeacha an áit nach dtig leis na madaidh a theacht na gcóir. Gnidheann an madadh ruadh sgrios mór ar na daoine. Goideann an madadh ruadh lachain, cearca agus caoirigh. Uair amháin chuaidh an madadh isteach i gcró cearc mar bhí ocras air. D'ith sé barraideacht agus ní rabh sé ábhalta a theacht amach aríst. Luighe sé síos agus luig sé air féin go rabh sé marbh. Nuair a thainig bean a' toighe amach shil sí go rabh sé na choladh. D'imthigh sí fa choinne spáid agus nuair a thainig sí aríst bhí an madadh ruadh ar shiubhail. Ainmhidhe beag atá ins an ghiarrfaidh agus bíonn a chuid feola iongantach maith le hithe. Bíonn sé beó ins na cnuic agus leanann na daoine iad le coin. Ainmhidhe mór atá ins an asal agus tá léigheas ins an bhainne a bhíonn aicí. Oibhruigheann an asal dúinn fosta. Ainmhidhe beag atá ins an choinín agus gnidheann sé sgrios mór ar an bhárr. Itheann siad préataí, coirce, agus glasraí ar na daoine agus bíonn na daoine na suidhe luath le greim a fhaghail orta. Ainmhidhe beag atá ins an bhroc tuaram go mór le madadh. Tá siad iongantch dalbha.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eamonn Ó Buadhaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Na Dúnaibh, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Éamonn Ó Siadhail
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Na Dúnaibh, Co. Donegal