School: Carraig Airt
- Location:
- Carraig Airt, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Mac Phaidín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Carraig Airt
- XML Page 182
- XML “Comharthaí na hAimsire”
- XML “Áitainmneacha”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Comharthaí na h-Aimsire.Eiteallann colúir go habann agus go hárd ins an spéir. Neithe i bhfad uainn taidhsíotar dúinn go mbíónn níos cómhgarach dúinn. Claistear fuaimeanna i bhfad ó bhaile. Tagann taiseacht ar nithe. Bíonn an teine ag tréigeann agus chíotar lasair ghorm inntí. Bíonn an deatach ag casadh anuas agus an sugha ag tuitim sa teine.
Aimsear bhreagh: An Ghrian: Ceo tirim, brothallach le heirighe gréine, agus spéir dhearg timcheall uirri agus an ghrian ag dul fada:
Stoirm: Fáinní timcheall na gréine agus an spéir smeartha-sin tuar anaithe. Tagann buirbeáil fairrge mar aon leis, agus éirigheann an bhuirbeáil go h-abann ina bhorradh nuair a scairteann an ghrian ina léasa fuda trí scamaill na spéire.
An Ghealach: Ma bhíonn an ré mí-shoiléir gheabhair baisteach. Nuair bhíonn an ré nua, nó an ré lán, ma bhíonn sí sméartha agus neamh-soiléir, sin comhartha fearthainne móire agus anaithe. Ma saoileann tú go bhfuil an ghealach níos mo na mar is gnáth agus go bhfeiceann tú fáinne ina timcheall sin comhartha báistighe. - Áit - Ainmneacha.An Pháirc Bhuidhe, An log Bhán, Páirc Cormaic, An Portacha, Log na Dtrioplóg. Páirc an Droichid. Páirce an Ghainimh. An Leacan (páirc). Leaca. Cnoc-na-hAitinne. Páirc Mhághnuir. Cnoc Bán. Baile an Easa. Sruth an Bhólaigh. Sruth an Bhinn Bháin. Sruthán(continues on next page)