Scoil: Carraig Airt
- Suíomh:
- Carraig Airt, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Phaidín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Carraig Airt
- XML Leathanach 182
- XML “Comharthaí na hAimsire”
- XML “Áitainmneacha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Comharthaí na h-Aimsire.Eiteallann colúir go habann agus go hárd ins an spéir. Neithe i bhfad uainn taidhsíotar dúinn go mbíónn níos cómhgarach dúinn. Claistear fuaimeanna i bhfad ó bhaile. Tagann taiseacht ar nithe. Bíonn an teine ag tréigeann agus chíotar lasair ghorm inntí. Bíonn an deatach ag casadh anuas agus an sugha ag tuitim sa teine.
Aimsear bhreagh: An Ghrian: Ceo tirim, brothallach le heirighe gréine, agus spéir dhearg timcheall uirri agus an ghrian ag dul fada:
Stoirm: Fáinní timcheall na gréine agus an spéir smeartha-sin tuar anaithe. Tagann buirbeáil fairrge mar aon leis, agus éirigheann an bhuirbeáil go h-abann ina bhorradh nuair a scairteann an ghrian ina léasa fuda trí scamaill na spéire.
An Ghealach: Ma bhíonn an ré mí-shoiléir gheabhair baisteach. Nuair bhíonn an ré nua, nó an ré lán, ma bhíonn sí sméartha agus neamh-soiléir, sin comhartha fearthainne móire agus anaithe. Ma saoileann tú go bhfuil an ghealach níos mo na mar is gnáth agus go bhfeiceann tú fáinne ina timcheall sin comhartha báistighe. - Áit - Ainmneacha.An Pháirc Bhuidhe, An log Bhán, Páirc Cormaic, An Portacha, Log na Dtrioplóg. Páirc an Droichid. Páirce an Ghainimh. An Leacan (páirc). Leaca. Cnoc-na-hAitinne. Páirc Mhághnuir. Cnoc Bán. Baile an Easa. Sruth an Bhólaigh. Sruth an Bhinn Bháin. Sruthán(leanann ar an chéad leathanach eile)