School: Tearmonn (roll number 14194)
- Location:
- Termon, Co. Donegal
- Teacher: Aodh Ó Duibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tearmonn
- XML Page 308
- XML “Colm Cille”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Nuair do bhí naomh Colmcille na fear óg i nGartab badh ghnathach leis a urnaighe a rádh gach lá cois abhainn. Badh gnathach le fear a theacht ag iasgaireacht ar an abhainn agus ca rabh an naomh sásta leis mar chuir sé tríd a phaidreacha é.
Aon lá amhain d'íarr Colm ar an iasgaire gan é theacht an chosan sin níos mó. Dubhairt an fear eile go dtiocfadh. "Ma seasann tú ar an bhruach sin am eile is é an bruach sin fód do bhais," arsan Naomh. "Ní sheasam ar an bhall sin ar sgór ar bith," arsa'n tiasgaire. Bí fearthainn throm oidhche amhain agus bhris an bruach a chois an abhainn an ait badh ghnathach leis an fear a bheith ag breith ar bhric: d'iomchar an tuisge an fhod síos an abhainn giota agus ghreamaigh sé i n-ait eile. Cupla bliadhan na dhiaidh sin thainic an fear a iasgaireacht. Thaitinn an bruach deas seo leis, chuir sé a chos isteach air, d'imthigh an bruach leis agus baithiughadh sé.(continues on next page)- Collector
- Máire P. Ní hAelfeartaigh
- Gender
- Female
- Address
- Knocknabollan, Co. Donegal
- Informant
- Cathal Ua Gallchobhair
- Gender
- Male
- Address
- Loughaskerry, Co. Donegal