Scoil: Tearmonn (uimhir rolla 14194)
- Suíomh:
- Termon, Co. Donegal
- Múinteoir: Aodh Ó Duibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tógadh é ag bun Chreag an Dúin.
Ar an bhaile talaimh i nacie bhí sgoil láidne agus bfheidir gurbh ar an sgoil sin a fuair sé greim ar an léighinn. Chuaidh sé ar cholaiste chun na Frainnce, agus rinneadh sagart de sa Fhrainnc.D'fhag sé an Fhrainnc agus chuaidh 'n-a Róimh. Bhí sé a'n oidhche amhain na shuidhe go mall, mall, ag léigheamh a leabhair. Thainig spiorad taobh amuigh de'n fhuinneóig a labhair leis. Dubhairt go rabh a h-athair marbh anocht i nÉirinn.
"A mhic Shéamuis na nGadhar tá d'athair anocht marbh i nÉirinn!"
"A Dhiabhail shalaigh!" ar se, "má tá is beag do chuid-se de."I gcionn tamaill d'iarr sé cead ar an Phapa a theacht arais go h-Éirinn. D'fhreagar an Papa nach dtabhairfeadh sé an cead sin do.Chuiadh sé arais chuige agus dubhairt sé mar léigfeadh sé é go h-Éirinn go ndeanfadh sé casóid air.Dubhairt an Pápa nach ndeanfadh; gurbh sin an bealach aige anois, acht go rabh sé ag cur d'fhiachaibh air gan codladh i dteach a mbéadh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Aodh Ó Duibhne
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Eibhlín Ní Mhuireadhaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Curraoin, Co. Donegal