Scoil: Tearmonn (uimhir rolla 14194)
- Suíomh:
- Termon, Co. Donegal
- Múinteoir: Aodh Ó Duibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tearmonn
- XML Leathanach 383
- XML “Aol Ghartain”
- XML “Colm Cille”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Nuair a mhar Colmcille (521 - 597), chuir sé moran toighthe phobail ar bun ar fud na tíre seo, sul ar fhág sé a thír dhuthchais leis an Chreideamh a spréidheamh ar frid na h-Albain.Tá sean bhallógaí cuid aca le fághail ar fud na tíre go foill.Teampall Dubh Ghlaise, an ait ar báisteadh é, ta roilig agus ballógaí anso le feiceáil go foill. Ta sé suidhte idir Mín-a-Labáin agus Leitir Ceanainn i bparoiste Gleann tSuilighe.
- Gartan, Colmcille
Tá sean-bhallógaí ar imeall Roilig Ghartain, sean bhallógaí thighe Phobail Cholmcille.Giota beag anuas seadh atá Tobar Ghartan. 'Sé Colmcille a rinne é, agus tig go foill an iomad daoine le Turas Ghartain a dheanamh.Isé ar Lá Fheille Muire (15adh Lughnasa) is mó a bíos daoine cruinnighthe ag denamh an Turais.Tá tobar a Bhearnais, fosta, ar cheann(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Aodh Ó Duibhne
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)