School: Tearmonn (roll number 14194)
- Location:
- Termon, Co. Donegal
- Teacher: Aodh Ó Duibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tearmonn
- XML Page 419
- XML “Scéilín”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fear aosta agus a bhean a bhí na gcomhnuidhe i lár na sléibhtí. Bhí na creatúir bocht; ní rabh de stór aca ag garradh cúil.Fuair a fear obair ag búisteóir. D'iarr sé páighe ag teacht na h-oidhche. Thug an buisteor feoil do, agus d'innis sé dho, san am cheadna, gurbh dheas a rachadh feoil agus cál le cheile.Phill mo dhuine na bhaile agus d'innis do na mnaoi goidé dubhairt an buisteór leis.Ghearr an bhean an fheoil ina ghiotaí beaga agus chuir giota le gach stoc cáil.Chruinnigh madaidh an bhaile ar an fheoil. Thoisigh troid 'sa tafaint. Amach leis an pheire. Lean na madaidh isteach i gcoillidh. Chaill siad iad.Nuair a bhí an fear ag fágail an toighe, d'iarr sé ar a bhean an doras a tharraingt amach na diaidh.Fhobair do gáire a dheanamh nuair a d'amharc sé thart uirthi-se, ag iarraidh (?) bheith ag rith, agus an doras ar a druim leithe.Bhí sé ro dhorcha le pilleadh. Bhí eagla ortha fanacht ar an talamhm. Shocruigh siad an doras a chur 'un áirde ar chrann. Chuaidh siad fein suas agus shuidh siad ar mhullach an dorais.Cha rabh i bhfad gur chualaidh siad an caint a bun an chrainn. Le sin anuas leis an doras gur shroic sé an talamh agus an peire(continues on next page)
- Collector
- Aodh O Duibhne
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Séamus Ó Gallchobhair
- Gender
- Male
- Address
- Doon, Co. Donegal