School: Caiseal (2)
- Location:
- An Caiseal, Co. Donegal
- Teacher: Seán Ó Domhnaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Caiseal (2)
- XML Page 324
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal
“Fá thuirim céad go leith bliadhain o shoin bhí fear darbh' ainm de Ross na chomhnuidhe i mBaile Uí Thighearnain. ...”
Fa thuirim céad go leith bliadhain o shoin bhí fear darbh' ainm de Ross na chomhnuidhe i mBaile Uí Thighéarnain. Bhí se na thighearna agus na thionontaidhe ar ar baile, ach fá dheireadh fuair sé bás agus chá rabh duine dá mhuintir le teacth le seilbh a ghlachadh ar an áit, agus luigh sé annsin bán ar feadh thamaill mhaith, ach fá dheireadh bhí fear darbh' ainm Michéal Mach Suibhne as Baile a' Stocair, bhí sé na cheannport ar na saigdiuirí - "Revenue men" a bheirtí ortha sa am sin. Tháinig sé féin agus a gcuid saighdiuirí anuas, agus glach sé seilbh ar an bhaile. Chuaidh sé féin suas go bárr cnuich Baile Úi Thighearnain agus sgaoil sé trí urchar le fios a tabairt do chach gur leisean an baile anois.Bhí dream eile de Shíol Shiadhail ar an Rinn Bhuidhe. Shil siad go rabh sé ró-dhana aige le a leiteadh a dheanamh agus thóg siadsan cogadh air.(continues on next page)- Collector
- Anna Nich Suibhne
- Gender
- Female
- Address
- Tulaigh na Dála, Co. Donegal
- Informant
- Labhras Mach Suibhne
- Gender
- Male
- Age
- 56
- Address
- Tulaigh na Dála, Co. Donegal