School: An Árd Leathan (roll number 7680)
- Location:
- An Ailt Leathan, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Mac Ailin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Árd Leathan
- XML Page 443
- XML “Paidir”
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- A Íosa, is mór mo thruaighe Thú, sínte ar mo shon-sa, ar bhliuc amaid. Sin mó chroidhe le dólás ar do shon-sa, A Íosa Mhilis
- Collector
- Pádraig Mac Ailin
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
(no title)
“Chualaidh mé Michéal Ó Scanalan (as Cró-na-Dúinne an Clochan) ag rádh go raibh stone-axe agus flint arrowhead ar a athair.”
Chualaidh mé Michéal Ó’Scanalan (as Cró-na-Dúinne an Clochan) ag rádh go raibh (stone-axe agus (flint arrowhead) ag a athair. agus gur (Tuagh na mire) an t-ainm a bhí aige ar (Slíne Axe) agus (Sághad na Spéire) ar (Flint arrowhead) Bhí seort creidimh ag a athair (a dubhairt sé) Nuair a bhí a leithead le fághail in áit ar bith go raibh droch-am. Nó mí-ádh i ndán d’on áit sin. Chréid a athair gur as an spéir a thainic “Sághad na Spéire”, agus gur comhartha go raibh troid no “dortadh fola in ndán don áit in a fuaras a leithead. Tá baramhail ag na sean daoine go fóill gur ins an spéir a dheanas “Flint” an toirneach nó thig drithleógaí as dhá ghiota “Flint” cumailte ar a chéile.Chuir mé ceist ar Mhicheal caidé’n baramhail a bhí ag a athair fa Tuagh na Mire (Stone Axe). Dubhairt sé gur shíl na sean daoine go rabh dream-fiadhain (Lucht Mire) (a dubhairt seisean) sa tír seo fadó, agus nach raibh oiread inchinn acú go dtiocfadh leo gléas troda níos féarr a dheanadh. Dubhairt Mícheal, gur shíl sé fhéin, gur órnadaí bhí ag na daoine fadó.