School: An Árd Leathan (roll number 7680)
- Location:
- An Ailt Leathan, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Mac Ailin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Árd Leathan
- XML Page 538
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Seanscéal
“Tháinig beirt Lochlannach go hÉirinn fad ó shoin mar gheall rún déanta beórach a fhághail.”
Sean Sgéal.Tháinig beirt Lochlannach go h-Éirinn fad ó shoin mar gheall rún déanta beórach a fhághail. Chaith siad an chead oidhche i n-Doire agus chuir siad tuairisg ar fhear an toighe in a raibh siad ar loistín fan rún. Níl ach beirt fhear i n-Éirinn arsa an fhear. “An bhfuil an rún aca. Fear agus a mhac agus tá siad na gcomhnuidhe i gConndae Dhún-na-nGall. Níl beóir ar bith san domhain atá comh maith leis agus mas mian libh rachaidh mise libh amárach agus thig libh an rún a fhághail”. Thug an Lochlannach buidheachas da’n Éireannach, agus tháinig an triúr go teach na bhfear a rabh an rún aca. Cuireadh fáilte rompa agus fuair siad cuid de’n bheóir. “Sin an bheóir is feárr a bhlas mé ariamh arsa an Loclannach. Má tá sibh sásta an rún a dhíol” arsa seisean” Nil agaibh ach an luach a ainmnuí. D’amharc an t-athair ar an mhac annsin. Thug sé freagar ar an Lochlannach. Níl oireád óir agus airgid i dtír na Lochlannach “ar seisean” as a cheannóchadh an rún. Acht ó thárla go dtearn sibh an turas seo ba(continues on next page)- Collector
- Caitlín Nic Ghloinn
- Gender
- Female