School: An Árd Leathan (roll number 7680)
- Location:
- An Ailt Leathan, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Mac Ailin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Áiteacha Stáireamhail i bParóiste Gleann Fhinne.Mín-na-Gcnámh.
Nuair a bhí na Gaidhil ag dul suas Cnoc-na-Sidhe. Chuaidh cuid aca síos ag Ált-na-Péiste ag dul go dtí an áit a bhfuil Mín-na-Gcnámh anois. Tháinig na Sasanaigh ortha agus mharbh siad iad agus d’fág siad annsin iad. Bliadhanta na dhiaidh seo fuair na plantalaidhe na cnámha agus chuir siad iad ann aon uaighamháin. Tugtar “Garaidh na gCorp” ar an áit sin.Srath-na-Brátóige.
Nuair a bhí na Gaidhil ag teicheadh roimh saighdiúr Coote ag cath Scarfhollis ag Litir Ceanann, tháinig cuid aca isteach fríd Gleann Súiligh. Chuaidh siad trasna na h-abhna san áit a bhfuil an Eiliteach anois. Bhí na saighdiuirí ag teacht comharach. Bhí a mbrát leis na Gaedhil. Ar eagla go bhfuigheadh na Sasanaigh greim ortha chaith siad i mbráth isteach san abhainn. Baisteadh Sráth-na-Brátóige ar an áit sin shoin.- Collector
- Caitlín Nic Ghloinn
- Gender
- Female