School: An Árd Leathan (roll number 7680)
- Location:
- An Ailt Leathan, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Mac Ailin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Árd Leathan
- XML Page 503
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Seanscéal
“Nuair a bhí Ó Domhnail ag cur suas a chaisleán i nDún-na-nGall an méid a thógadh siad sa lá bhéadh sé leagtha ar maidín lá ar na bhárach.”
Sean Sgéal
Nuair a bhí Ó Domhnaill ag cur suas a chaisleán i nDún-na-nGall an mhéid a thógadh (sé) siad sa lá bhéadh sé leagtha ar maidín lá ar na bhárach. Bhí seisear saor aige. D’obair siad leó go dtí an Aoine. Rinne sé amach go gcuirfeadh sé trí saor eile in a gcuideachta Dia Sathairn siocair an Domhnach nó dar leis féin na mbainfeadh aon duine leis ar an Domhnach no go suidhfeadh sé féin a choimhéad go mbéadh an mheadhon-oídhche thart. Nuair a dimthigh na saoir cloiche tráthnóna Dia Sathairn d’fhan ó Domhnaill dá choimhead an Chaisleán. Thionnthuigh sé thart bhí bean ruadh in a seasamh ar a chúl “A Rí Uí Dhomhnaill” Tá tú ag teacht un tosuigh go maith le do chaisleán” arsa sise. Dubhairt an Rí nach raibh agus dinnis sé duithi mar bhí. Dubhairt an bhean is tú fhéin is cionntuigh nuair nach suidheann tú fhéin go bhfeicidh tú cé an bhunadh atá da leagadh. Fan ann do shuidhe anocht agus ar an h-aon a chlog móthóthaidh tú sgaifte ag teacht anall ar an chlochan agus iad ag(continues on next page)- Collector
- Gráinne Nic Ghloinn
- Gender
- Female