School: An Árd Leathan (roll number 7680)
- Location:
- An Ailt Leathan, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Mac Ailin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Árd Leathan
- XML Page 581
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Seanscéal
“Bhí Conall Ó Baoighill na chomhnuighe sna Rosaibh, agus oidhche dá raibh sé amuigh casadh an sluagh sídhe air agus iad ag dul suas go Connachta le cailín dóigheamhail a bhí ann a thabhairt leo.”
Sean Sgéal.Bhí Conall Ó Baoighill na chomhnuidhe ‘sna Rosaibh, agus oidhche dá raibh sé amuigh casadh an (slag) sluagh sídhe air agus iad ag dul suas go Connachta le cailín dóigheamhail a bhí ann a thabhairt leo anuas go Dún na Séad mar ar chomhnuigh siad. Mar nach dtiocfadh leo an cailín a thabhairt leo gan duine saoghalta bheith ar mhuin an chapaill léithe thug siad leo Conall suas. Chuir siad an cailín ar chúlaibh Chonall agus D’fhill ar an mbaile. Bhí a chluasa fosgailte ag Conall agus bhí sé ag eísteacht le na gcomhrádh ar an mbealach anuas. “Is mór an truaighe truaighe arsa duine acu”, gan í ag Conall óir is breagh an cailín í “Ar a thoil fhéin atá”, arsa duine eile. Má tá taitneamh aige di, níl aige ach fáinne a ghearradh timcheall uirthi agus ní bhéidh de chumhacht ag aonduine againne baint léithe. D’fhan Conall go raibh sé ar ais sna Rosaibh, agus nuair a fuair se faill ar na daoine beaga. Ghearr sé fáinne thart air fhéin agus ar an gcailín. Ach sul a rabh an fáinne déanta aige, bhuail duine de na daoine maithe an cailín le slaitín(continues on next page)- Collector
- Caitlín Nic Na Midhe
- Gender
- Female