Scoil: Scoil Bhríge Naofa i gCor an Dola (An Cheathrú Bheag)
- Suíomh:
- Carrowbeg North, Co. Galway
- Múinteoir: Máire Ní Loideáin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0025, Leathanach 0324](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0025%2FCBES_0025_0324.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0025, Leathanach 0324
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil Bhríge Naofa i gCor an Dola (An Cheathrú Bheag)
- XML Leathanach 0324
- XML “Murchadh Beag agus Murchadh Mór”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an gcloich d'fághail. "Cá bhfuil tú ag dul," adeir an chloch. "Tá cloch uaim a ghéaróchas sgian, sgian a bhainfeas slat, slat a bhualfeas Murchadh Beag mar d'ith sé mo chuid sméar. " "Ní rachaid mise leat," adeir an chloch " go bhfághaidh tú uisge a fhliucheas mé." Chuaidh Murchadh Mór leis an uisge d'fághail ."Cá bhfuil tú ag dul, " adeir an t-uisge. "Tá uisge uaim a fhliuchas cloch, cloch a ghéaróchas sgian, sgian a bhainfeas slat, slat a bhuailfheas Murchadh Beag mar d'ith sé mo chuid sméar. " "Ní rachaidh mise leat", adeir an t-uisge, " go bhághaidh tú cú a snámheas mé." Chuaidh Murchadh Mór le cú d'fághail. "Cá bhfuil tú ag dul, " adeir an cú. "Tá cú uaim a snamheas uisge, uisge a fliucheas cloch, cloch a ghéaróchas sgian, sgian a bhainfeas slat, slath a bhuailfeas Murchadh Beag mar d'ith sé mo chuid sméar. " "Ní rachaidh mise leat, " adeir an cú " go bhfaghaidh tú madadh a ruaigfeas mé. " Chuaidh Murchadh Mór le madadh d'fhághail. " Céard atá uait", adeir an madadh . "Tá madadh uaim a ruaighfheas cú, cú a snamheas uisge, uisge a fliucheas cloch, cloch a ghéaróchas sgian, sgian a bhainfeas slat, slath a bhuailfeas Murchadh Beag(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Ghiollarnáith
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Cor an Dola, Co. Galway
- Faisnéiseoir
- Eibhlín Bean Uí Ghiollarnáith
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cor an Dola, Co. Galway