School: Garrdha (roll number 12721)
- Location:
- Garra, Co. Galway
- Teacher: Liam Ó hAnnracháin
![The Schools’ Collection, Volume 0026, Page 0015](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0026%2FCBES_0026_0015.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0026, Page 0015
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Garrdha
- XML Page 0015
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)D'imthigh leis an darna lá agus bhí an sean-fhear annsin roimhe agus d'imir siad cluithche eile, agus ghnothuigh an fear óg. "Cuir suas do gheasa, " adeir an sean-dumín. "Boil, an demesne. " a deir sé , " a bheith lán caoirigh agus caiplí agus beithidhigh ar maidin. " "Tá leat", adeir an sean-fhear. Tháinic sé abhaile annsin agus d'innis don athair . "A" adeir an t-athair, " gnóthochaidh sé ort an tríomhadh lá. " Dhúisigh na beithidhigh lucht a' tighe i lár na
h-oidh' le n-a raibh acu ann - ní raibh áit seasta acu.
D'imthigh sé arais an tríomhadh lá agus casadh air an sean-dhuinín aríst agus d'imir siad cluithche eile agus ghnothuigh an sean-dhuine. Is olc a bhí sé i n-ann siubhal abhaile , an fear óg. "Cuir suas do gheasa, " adeir sé leis an sean -dhuine. " Cuirfidh mise geasaí ort gan an darna béile 'ithe ag aon bhord ná an darna oidhche a chodladh ar aon leabaidh nó go bhfagh ' tú mise amach. " " Cér bas thú nó cé h-ainm thú" adeir an fear óg. " Mise sean-dhuine na féasóige fuinneadh as an domhain thoir.". Tháinic sé abhaile agus bhí an t-athair roimhe. "Tá tú caillte, a mhic", adeir sé . "Bhí fhios agam go n-éireochadh sin duit. " Ní raibh goir aige fanacht thar an oidh' amháin sa teach.
Adeir an mháthair :" Sin é an rifíneach a chuir an mí-adh ar mo thriúr dhearbhráthair. " Rinne an mháthair annsin trí cáca beag agus bhí sí a' tarraingt an chíoch nó go bhfuair sí beagán bainne cíoch le cur in gach aon cháca. "Anois", adeir sí, " Má casfidhear(continues on next page)- Collector
- Liam Ó hAnnracháin
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Micheál Mc Aodha
- Gender
- Male
- Age
- 61
- Address
- Garra, Co. Galway