School: Garrdha (roll number 12721)
- Location:
- Garra, Co. Galway
- Teacher: Liam Ó hAnnracháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Garrdha
- XML Page 0019
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)siad in a gcodladh ar uair a dó-dhéag. Féadfa tú siubhal isteach agus feicfidh tú trí léine mná sgartha ar a' rópa. An ceann i lár istigh -tá sí gearr; tabhair leat 'sin. Agus coinnigh i go cúramach faoí do chóta agus mar' sábháilfidh an bhean thú níl aon dhán sábháil duit. "
Bhí se a' siubhal thart ar a 'yard. Tháinic an bhean óg amach agus chonnaic sí go raibh an léine imthighthe. " Féach" adeir sí, " a bhfuil aon cheo stráinséir agat. " " Níl , " adeir sé .
" Boil, sílim go bhfuil " adeir sí. " Tá léine agam, " adeir sé. " Boil, is liomsa í, " adeir sí " agus tabhair dhom í.". " Boil, ní bhéarfa mé duit í nó ngeallfha dom go sábháilfidh tú mé." "Boil", adeir sí , " bféidir nach bhféadfainn sin a dhéanamh." adeir sí. "Á, feadfair, tá mise chomh fada ins a' draoidheacht le m-athair" adeir sí, " ach gheobhfadh sé an ceann is fearr orm sa t-síoraidheacht. " " Boil, anois ," adeir sí ní bhéarfadh sé dhuit ach aon job amháin gach uile lá. Agus bhéarfa sé duit aon uair ach leath-uair. Agus fáigh trí-cheathrúnaí chuile job uaidh i gcomhnaidhe. "
D'imthidh sí léithe agus tháinic an sean-dhuinín amach " Fuair tú amach mé, " adeir sé. " Ó fuair," adeir an mac " a dhuine uasail".
" Bal!, caithfidh me do dhinnéar a thabhairt duit," adeir sé. Thug sé amach bláthach chuige bhí chomh géar le bhineagra agus 'rán coirce agus orlach caonach liath air. " A", adeir sé " ní fhéadfadh duine ar bith é seo ithe. "
" Boil, " adeir sé " nuair a líon mise do chuid bosca le ór agus le airgead, " adeir sé agus nuair a líon mé do chuid taltaí le beithidhigh agus caiplí agus caoirigh níor iarr tú orm a'raibh béal agam. "(continues on next page)- Collector
- Liam Ó hAnnracháin
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Micheál Mc Aodha
- Gender
- Male
- Age
- 61
- Address
- Garra, Co. Galway