Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (C)
- Suíomh:
- Baile Chláir, Co. Galway
- Múinteoir: Eibhlín Bean Mhic Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)chónra. Bhí sé timcheall is a h-aon a chlog ins an oidhche agus bhí gach duine in a gcodhladh. D'fosgail siad an cónra agus ghearr siad méaraca na mná agus bhain siad dí na fáinní óir. Dhún siad an cónra arís agus thug siad go dtí teach an fhir saidhbhir í agus leag suas in-aghaidh an dorais í, d'imthigh siad abhaile annsin agus dubhairt fear an croich leis an bhfear bocht a dhul go dtí teach an dearbhráthar saidhbhir ar maidin agus bheith ag troid leis agus ag rádh dá gcuirfeadh sé i gceart i nach n-éirigheóchad sí arís.
Nuair a d'fhosgail an cailín an doras ar maidin thuit an chónra isteach. Tosuigh an cailín ag sgreadhadh, agus d'éirigh an fear agus cuaidh se ar meirbhthean. Chuaidh fios ar an bhfear bocht agus nuair a tháinigh sé bhí sé ag rádh gcuirti i gceart agus nach dtiocfad sí ar ais. Dubhairt an fear saidhbhir leis í a árdú leis í a cur i gceart agus go dthiubhrfadh sé teach agus talamh agus airgeadh dó. Rinne an fear bocht amhlaidh agus ní fhaca sé féin na a bhean ná a chlann lá bocht arís go deó.- Faisnéiseoir
- Bhailentín O Dhubhagain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 66
- Seoladh
- An Móinteach Thuaidh, Co. Galway