School: Baile an Mhuillinn (B)
- Location:
- Milltown, Co. Galway
- Teacher: Pádraic Ó Discín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile an Mhuillinn (B)
- XML Page 0021
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)raibh stróichthe stiallta. D'iarr sé déirce ortha ach d'eitigh ár dTighearna é.
Annsin labhair Naomh Peadair agus dubhairt sé ''Nach mór an t-iongnadh gur thug tú scilling do'n bhodach mhór, luathmhar atá í ndón a bheatha fhéin a shaothrughadh'' ar seisean ''agus gur scaoil tú an sean-fhear lag claoidhthe sin gan tada a thabhairt dó''
'Sgearr i n-a dhiaidh sin gur chur ár dTighearna Peadair ar theachtaireacht éicint go siopa
a bhí treasna an bhóthair.
D'imthigh leis. Ní thúisce a bhí sé istigh ná chonaic sé an bodach láidir ag ól a ghloine lé h-ais an chabhntair. thug Peadar milleán mór dhó faoi go raibh se ag ól an scilling a thug ár dTighearna dhó. Annsin labhair an bodach go tapaidh and dubhairt sé ''Dia a thug agus Dia a bhéarfas. Thairg sé deoch do Naomh Peadar ach dhiúltaigh Peadar é agus go tapaidh.
Nuair a tháinic se amach as an siopa bhí iongnadh mór aige do ár dTighearna agus dubhairt sé ''Tá an bodach mór annsin istigh and é ag ól an scilling a thug tú dó ar báll. 'Séard adubhairt ár dTighearna ''Tá croidhe a a chaithte ag an bhfear sin''.(continues on next page)- Collector
- Pádhraic Ó Coisdealbha
- Gender
- Male
- Informant
- Máire Ní Coisdealbha
- Relation
- Relative (other than parent or grandparent)
- Gender
- Female