School: Baile an Mhuillinn (B)
- Location:
- Milltown, Co. Galway
- Teacher: Pádraic Ó Discín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Domhnach deiridh díobhtha. Seo é an chaoi a ndéantar an turas.Téigheann siad naoi n-uaire timcheall an tobair agus naoi gcloch aca. Gach uair a dtéigheann siad thart timcheall an tobair caitheann siad cloch ann agus iad ag guidhe ar feadh an ama go léir. Annsin téigheann siad thart timcheall an tobair trí h-uaire ar a nglúnaibh agus iad ag rádh an Phaidrín agus críochnuigheann sin an turas.
Seo áit eile a bhfuil tobar beannuighthe ach nach bhfuil ins an bparáisde seo.Tá cnoc mór tuairim is sé mhíle ó Thuaim a dtugtar Cnoc Bhearnáin air agus ta átobar beannuighthe ar bharr an chnuic. Tobar Bhearnáin a tugtar air.Tá balla nó claidhe mór thart timcheall air agus staighrí cloch ag dul síos 'san tobar. Ghabhann daoine go dtí an tobar sin ar thuras 'san Samhradh. Téigheann siad trí h-uaire thart timcheall an tobair agus iad ag rádh an Phaidrín agus ag guidhe Dé ar feadh an ama. Tugann gach duine buidéal de'n uisge beannuighthe abhaile leis agus ólann siad cuid de go minic mar leigheas d'aon galra a bhíos ortha.Ba chara mhór de Naomh Iarfhlaith,(continues on next page)- Collector
- Pádhraic Ó Coisdealbha
- Gender
- Male
- Address
- Clashaganny, Co. Galway
- Informant
- Máire Ní Coisdealbha
- Relation
- Relative (other than parent or grandparent)
- Gender
- Female