School: Baile an Mhuillinn (B)
- Location:
- Milltown, Co. Galway
- Teacher: Pádraic Ó Discín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus fuair sí bás. Cuireach an cailín go bláth cliath acht ní fhacaidh aon duine í uaidh sin amach.
- Sochraid Sí 10.06.1938
Tá beirt fhear ina chonaí in aice liomsa agus do chonaic siad sochraid sí agus aon oíche amháin nuair a bhí duine acu ar cuairt i mo theach d’inis sé an scéal dom ar fad mar do tharla. Do fuair fear bás a bhí ina chompánach mhór don bheirt fhear seo agus dúirt siad lena chéile go rachadh siad go dtí an tórramh. Do chuaigh siad ann agus nuair a bhí siad ag teacht abhaile ar an mharbh na hoíche do chonaic siad rud éigean a chuir faitíos an mhór ar an mbeirt. Do bhí go leor carráistí móra ag teacht acu anoir an bóthar agus capall deas bán faoi gach cheann acu. Bhí feairín beag deas ag thiomáint gach capaill acu agus lasc mhór ina láimh ag gach ceann acu agus é ag tabhairt buille don chapall agus d’fhéadfadh an buille a chloisteáil míle ón áit.
Do bhí cnoc beag píosa ón áit agus reilig ann agus geata mór déanta de iarann ag dul isteach ann. Do chuaigh gach ceann do na carráistí thríd an ngeata agus é dúnta agus isteach go dtí an reilig agus tháinig gach ceann den na síoga amach as na carráistí agus thosaigh siad ag gol ós comhair aon uaigh amháin a bhí in san reilig.(continues on next page)- Collector
- Pádhraic O Caolaigh
- Gender
- Male
- Informant
- Tomás Mach Phaodhraic
- Gender
- Male
- Address
- Milltown, Co. Galway