School: Baile an Mhuillinn (B)
- Location:
- Milltown, Co. Galway
- Teacher: Pádraic Ó Discín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile an Mhuillinn (B)
- XML Page 0124
- XML “Cluiche Cártaí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ar an gcónra é. Chonnacadar fuagháilte taobh istigh d'en chóta nuair a chaith sé ar an gconra é crosóg d'imthigh leobhtha annsin.
Ní raibh a fhios aige céard a dhéanfadh sé. Dá mbeadh rópa aige déanfadh sé cúis dó acht ní raibh. Bhain sé dhe a bheilt agus a chuid gealasaí go ndearnaidh bo[?]eiris dióbhtha gur chuir sé an cónra ar a ghualainn agus gur iomchar a bhaile é, gur leag isteach sa sgioból é.
Chuaidh sé isteach annsin agus ar no oigh bhí a mháthair agus a athair na gcodhladh. Thortaigh sé go bhfuair casúr agus seiséal agus teannchar gur fhosgail sé an cónra agus nuair a d'fhosgail chonnaic sé ann istigh bean óg breagh acht go raibh sgeón an fhaitchis i n-a suilibh. Na buillí a bualadh ar an gcónra a dúisigh í agus ba chás le n-a sgéon is doighthe.
D'fiafruigh sí cia raibh sí.
"Fan annsin" ars an buachaill óg "go ceann móimé[id] Tá tú i n-áit mhaith acht nach bhfuil snáithe éadaigh ort acht léine bheag thanaidh".
Chuaidh sé isteach agus dhúisigh sé a mháthair. "Thug mé bean abhaile agat" ar seisean le n-a mháthair. "Maise go mba slán dé sibh" ar sise. "Ca bhfuil sí".
"Eirigh go beo" ar seisean "Tabhair dom
[Continued on page 128](continues on next page)