School: Northampton (roll number 6396)
- Location:
- Northampton, Co. Galway
- Teacher: Tomás Ó Domhnalláin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Northampton
- XML Page 0099
- XML “Iascaireacht Scadán”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an líon a bheith thíos roimh an meall a ' dhul amach, bhí leat. Fhad is bheitheá ag dul go dtí an doras bheitheá luchtaighthe.
Áit a mbeadh an meall bíonn ola ar bhárr an tsáile, is é chomh buidhe le ola mart, agus ní bhíonn faoilleán sa gcuan nach mbíonn anuas 'na mhullach. Is mór an comhartha don iasgaire na faoilleáin.
Gheobhfá baluth na h-ola agus na scadán nuair a bheitheá ag teacht i ndáil leob. Minic a déarfadh fear "tá baluth annso" (i.e. meall scadán). Ní thógann an scadán nó an milléad aon baoithe - an dá iasg sa bhfairrge nach dtógann. Nuair a bheadh muid ag déanamh an bhéile amuigh dúinn féin ní róscfadh muid an scadán, ar faitchíos go bhfuighfeadh aon bhreac mór an baluth agus go ndéanfadh siad orainn. Bhruithfeadh muid é.
Céad slán leis an iasgaireacht, mar ba mhór an spóirt againn é.- Collector
- T. Ó Domhnallaín
- Gender
- Male
- Informant
- Pádhraic Ó Nualláin
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Address
- Kinvarradoorus, Co. Galway