School: Northampton (roll number 6396)
- Location:
- Northampton, Co. Galway
- Teacher: Tomás Ó Domhnalláin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Lá ar na bhárach chuaidh Seán síos go fairrge arís, agus bhí an Scológ roimhe. Ghabhadar ag imirt arís. Rug an Scológ ar Sheán. "Cuir do gheas anois" arsa Seán "Cuirim mar gheas ort agus mar mór-gheas na bliana, gan an tarna béile a ithe ar aon mhéis, ná an tarna oidhche a chodladh ar aon leabaidh go n-abróchaidh tú 'go mbeannuighidh duit' trí h-uaire istigh faoi fár-doras teach na Féasóige Liatha."
Chuaidh Seán abhaile i gceann a mháthair, agus d'innsigh sé a scéal dithe. Bhailigh sé leis ar an mbóthair agus gan fhios aige cá rachadh sé, an créatúir. Ar deire dhéan sé amach teach na Scolóige Ní raibh sa teach leis an Scolóig ach é féin agus a ingean. Fuair Seán feisteas na h-oidhche go maith.
Nuair a d'éirigh sé ar maidin dubhairt an Scológ leis dul amach agus meall gainimh a bhí amuigh a chaitheamh tré fhuinneóg bheag, agus mara mbeadh an obair déanta san oidhche bhí an cloigeann le baint dó. Chuaidh sé ag obair. Chuile sluasaid a chaithfeadh sé amach, thiocfadh dhá sluasaid isteach. Bhí Seán bocht i dteannta. Chuaidh an ingean amach ag glaodhach air i gceann a dhinnéire. Fuair sí Seán agus é ag caoineacháin. "Cé'n dinnéar?" arsa Seán "agus an cloigeann le baint dhíom ar ball." "Ó bíodh misneach a'gat" ar sise. Rug sí ar an(continues on next page)- Collector
- T. Ó Domhnallaín
- Gender
- Male
- Informant
- Pádhraic Ó Nualláin
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Address
- Kinvarradoorus, Co. Galway