School: Northampton (roll number 6396)

Location:
Northampton, Co. Galway
Teacher:
Tomás Ó Domhnalláin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0048, Page 0108

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0048, Page 0108

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Northampton
  2. XML Page 0108
  3. XML “Féiltí na Bliana agus a mBaineann leob”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Nuair a ghoidtí an t-im, bí daoine in ann é d'fhághail ar ais. Seo mar a dhéanfadh siad é. Tá plannda beag a fhásann in áiteacha áithrid a mbíonn 'flower' beag bán air.
    Bhaineadh siad an plannda sin agus d'fháisgeadh siad ós cionn na cuinneóige é trí h-uaire, a' rádh san am gcéádna
    "In ainm an Athair agus a Mhic agus an Spiorad Naomh".
    Gheobhfadh siad an t-im ar ais annsin.
    Seo cuid de na bealaigh a bhí aca leis na ba agus an t-im a chosaint Lá Bealtaine:-
    a) Ceirt Dhearg a cheangailt ar dhruball na bó
    b) Ceirt Dhearg a chur ar mhaide sceiche agus an maide a chur 'na sheasamh ar an gcarn aoiligh
    c) Na ba a chur isteach ar feadh an lae sin
    d) Chuile Oidhche Bhealtaine théigheadh siad ag an bportach agus bhaineadh siad plannda ar a dtugtar SEÁNLUS (plannda beag a mbíonn 'flower' dhearg air) agus chuimligheadh siad an plannda sin d'úgha na bó. Shábhaílfeadh sé sin ar feadh na bliana í.

    NB - Níorbh ait leis na daoine bó ag breith Lá Bealtaine; tá tseir ? ar an lá sin. An laogh a beirtear an lá sin cuirtear scoradh nó gearradh 'na chluais.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish
    Informant
    P. Ó Nualláin
    Gender
    Male
    Age
    80
    Address
    Kinvarradoorus, Co. Galway