School: Northampton (roll number 6396)
- Location:
- Northampton, Co. Galway
- Teacher: Tomás Ó Domhnalláin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Northampton
- XML Page 0114
- XML “Taisce i bhFolach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)próca mór óir. Bhí an mí-ádh air in a dhiaidh sin. Fuair a clann go léir bás.
2. Bhí fear ag treabhadh i bpáirc agus rith an capall Chuaidh sí isteach i lios agus ní fhaca an fear an capall níos mó. Tháinig sé abhaile agus cuaidh sé go dtí Sydney san Astráil. Nuair a bhí a shaidhbhrea[s] déanta aige tháinig sé abhaile. Nuair a bhí sé in a chodladh oidhche amháin dúisigheadh é le torann agus nuair a bhreathnuigh sé timcheall chonnaic sé cailleach 'na seasamh i ngar do'n leabaidh. Tar-éis tamaill labhair sí agus dubhairt "tá óir ins an áit a chuaidh do chapall-sa isteach ann". Lá ar na bhárach chuaidh an fear ag rómhar san áit a dubhairt sí leis ach ní bhfuair sé tada.
3. Bhí cailín 'na comhnuidhe in Árd Rathain agus lá amháin bhí sí ag teacht ó'n mbaile mór agus bhí coinneal leath-phighne aice. Casadh fear uirthí. Bhí an fear seo agus an cailín le bheith pósta. Rug an fear greim uirri agus chaith sé an calín isteach i bpoll a raibh sídeóga ann. Nuair a bhí a muinntir ar a tóir fuaireadar an cailín báidhte agus próca mór óir in a láimh aice.
4. Dubhradh go raibh óir i lios in aice le h-Árd Rathaín. Oidhche amháin chuaidh sgata fear ag rómhar agus tháinigeadar comh fada le beirt cailleach ag maistriú i seomra áluinn. B'éigean do na daoine stop a chur leis an obair.- Informant
- Pádraig Ó Congaoile
- Gender
- Male
- Address
- Gortaboy, Co. Galway