School: Northampton (roll number 6396)

Location:
Northampton, Co. Galway
Teacher:
Tomás Ó Domhnalláin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0048, Page 0142

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0048, Page 0142

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Northampton
  2. XML Page 0142
  3. XML “Scéalta”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    "tá an fhathach amuigh agus dubhairt sé liom an páiste deas seo a bheith bruithte roimhe le na dhinnéar agus mar a mbeidh bhainfidh sé an ceann díom. Is ní'l fhios agam céard a dhéanfaidh mé". Ná bíodh brón ort" arsa 'Peeky' "socróchaidh mise é". Rith sé amach an doras. Rug sé ar mada is mharbhuigh sé é. Bhain sé an craicheann de is chuir sé síos ins an bpota é. Ghearr sé an méar fhada as an buachaill is chuir sé síos leis an mada é. "Ó" arsan bhean "beidh fhios aige nach é an buachaill atá ann". "Socróchaidh misé é sin" arsa 'Peeky' "ach céard a dhéanfaidh mé leis an buachaill." "Rith thar an sliabh sin" arsan bhean "is fág ag an teach annsin é agus tiubhrfaidh siad abhaile é. Ach déan deifir beidh áit réidh agam le sibh a chur i bhfolach". Rith an ceathar thar an sleibh is d'fhágh siad an buacha[ill] ann. Ag teacht ar ais dhíobh mharbhuigh sé 'guinea pigs' a fuair siad. Tháinig siad go dtí an teach is cuir siad an 'guinea pigs' isteach ins an bpota. "O tá sibh ar ais in am" arsan bean "teigh suas ins an lota sin is teigh faoi'n leabhadh nó go bhfuil sé imthighthe ar ais." Cuir 'Peeky' an 'pocker' isteach ins an teine agus chuaidh siad suas faoi'n leabhadh. Tháinig an fathach agus chuile coscéim a thiubhrfadh sé rachadh sé cúig míle. Bhí 'Peeky'. ag féachaint amach ar feadh an ama. Sé an caoi a tháinig sé isteach ná ar chosaí is ar lamha. Bhí bróga air chomh mór le 'tub'. "Ó" ar seise agus chraith sé an teach "gheibhim comhartha fola. Ach tabhair an páiste dom". D'fhág an bean an mada is na muca is an méar suas aige. D'ith sé muc in aon bhéal amháin. "Ní páiste é sin" ar seiseann. "Ó seadh" arsan bean "nach bhfeiceann tú an méa[r.] Shasuigh sé sin é. D'ith sé é go léar i gceithre béal agus dubhairt "ní'l mo dhóithint annsin". Chuaidh sé amach agus rug sé air chapall na buachaillí agus mharbhuigh sé é. "Ná corruigh" arsan bean "beidh sé ar ais i nóiméad." Tháinig an fathach isteach agus bhruith sé an capall. D'ith sé é agus dubhairt "tabhair do[m] bairille fíon". Thug sí dhó é agus d'ól sé é. Annsin luighe sé treasna an tighe agus is gearr go raibh sé in a chodladh. Tháinig an triúr buachaillí síos g[o]
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0327: The Children and the Ogre
    AT0953: The Old Robber Relates Three Adventures
    AT1137: The Ogre Blinded (Polyphemus)
    AT2412C: (The Cat Asks for Boots)
    Language
    Irish
    Informant
    Riocáird de Búrca
    Gender
    Male
    Age
    80
    Address
    Cahermore, Co. Galway