School: Northampton (roll number 6396)
- Location:
- Northampton, Co. Galway
- Teacher: Tomás Ó Domhnalláin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Northampton
- XML Page 0144
- XML “Scéalta”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sé ar 'Peeky'. Chuimhnigh 'Peeky' ar 'phlan'. Dubhairt sé leis an fathach "A fhathaigh mór láidir ar mhaith leat sgéal fíor a chloisteál." Chuir an cainnt sin an fathach i 'nhumour' [?] agus dubhairt amach leis ach déan deifir beidh an pota réidh go luath". D'innis 'Peeky' an sgéal faoi na buachaillí is é féin, agus ar an caoi a d'imir sé cleas is a mharbhuigh sé an fathach. Nuair a bhí sé réidh tháinig áthas an domhain air, an bhfhathach a bheith marbh mar bhíodh sé ghá throid. Ar an nóiméad céadna tháinig an buachaill síor [!] ó seomra is craith sé lámh leobh agus dubhairt leis an bhfhathach "seo iad an triúr a shábháil m'anam ó'n fathach" is theasbháin sé an mhéar a bhí gearrtha. Chraith an fathach lámh leobh is gach duine ins an tighe is rinne siad spré mór dío[bh?] a bhí ann ar feadh seacht lá. Annsin thug an fathach an capall le na 'bells' díobh is chuaidh siad ag marchaidheacht air. Bhí an triúr ag imteacht ar feadh trí lá agus tháinig siad in aice an caisleán arís. Chonnaic an leas máthair an beirt is 'Peeky'. Thosuigh sí ag léimreidh le fearg. Sciorr sí agus thuit sí anuas ar mhullach a cinn is bhris sí an mhuineál. Chuaidh an triúr isteach annsin is mhair siad i suimhneas ó'n lá sin amach.
(4)
Fado bhí fear in a chomhnuidhe i ndáil le Cinn Mhara is bhí taidhbhse in a dhiaidh. Aon oidhche a bheadh sé in a chodladh leis féin nó le duine eile thagadh an taidhbhse agus luigheadh sé treasna air. Ach aon oidhche a bheadh triúr ins an leabhadh ní thagadh an taidhbhse chor ar bith.
(5)
Bhí fear ann fadó is bhí bean agus clann aige. An lá seo bhí sé ag dul chuig an mBaile Mór agus bhí sé fághailt misiúr cos na buachailli le brógaí a cheannacht. Bhí an cat ins an gcornéil is é ag éisteacht agus labhair sé féin is dubhairt "tabhair péire bróg dom-sa". "Cé'n caoi a dhéanfaidh mé é sin" arsan fear mar ní raibh fhios aige cé'n caoi a thógadh sé misiúr cos an chait. "Tabhair ag an mBaile Mór mé arsan cat "agus cuirfidh an greasaidhe brógaí orm". "O tá go maith(continues on next page)- Informant
- Riocáird de Búrca
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Address
- Cahermore, Co. Galway