School: Doireadh (roll number 12946)

Location:
Na Doiriú Theas, Co. Galway
Teacher:
Pádraig Ó Heidhin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0079

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0079

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Doireadh
  2. XML Page 0079
  3. XML “An Mac Díchéillí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    agus fuaradh a thabhairt dhó Dubhairt sise leis go ndéanfadh acht go gcaithfeadh an mac gealladh dí nach n-imtheóchadh sé uaithe agus dubhairt seisean léithe nach n-imtheóchadh.
    Thug sé [!] amach é agus thom sí síos ins an uisge é agus thug sí ar ais aríst é agus chroch sí ins an áit chéadhna é. Faoi cheann tamaill eile d'iarr sé uirthi é a thabhairt amach aríst agus thug agus nuair a chuir sí ins an uisge é rinne sé eascon dhó féin agus chuaidh sé abhaile agus d'innis sí go'n fheairín é agus rinne seisean éan dhó féin agus chuaidh sé ins an aer uaithe. Bhí sé (an eascon) ag imtheacht leis annsin go dtáinig sé chomh fada lé teach ríogh agus sheas sé ar an simleár agus bhí inghean an ríogh ag fuagháil in aice na teineadh agus rinne sé fáinne dhó féin agus thuit sé síos in a h-ucht agus chuir sise ar a méir é. Chuaidh sí a chodhladh agus i lár na h-oidhche rinne an fáinne fear dhó féin agus thosuigh sé ag siubhal thart agus ba ghearr gur thosuigh sí ag fuagairt ar a h-athair ag rádh leis go raibh fear ins an seomra. D'eirigh a h-athair
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0325: The Magician and his Pupil
    Language
    Irish
    Informant
    Brighid Bean Uí Bhreathnuigh
    Gender
    Female
    Age
    53
    Occupation
    Bean feirmeora
    Address
    Ros an Mhíl, Co. Galway